You are Here: Home > Policy & Legislation > Legislation > Acts > Official Languages Act 2003 - REQUEST FOR SUBMISSIONS

Official Languages Act 2003 - REQUEST FOR SUBMISSIONS

IARRATAS AR AIGHNEACHTAÍ - Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Ullmhú dréachtscéime ag an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh

Tá an tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh ag tabhairt cuiridh do pháirtithe leasmhara aighneachtaí scríofa a chur ar fáil faoin gcaoi a bhféadfaí seirbhísí Gaeilge na Roinne don phobal a fheabhsú.

Tá sé seo á dhéanamh de bhun dréachtadh dara scéim de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 11). Is é bunchuspóir an Achta ná chun fáil níos fearr agus caighdeán níos fearr a chinntiú maidir le seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.

Tá eolas breise maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag 'www.pobail.ie'

Is féidir aighneacht a dhéanamh:

  • Trí ríomhphost: gaeilge@welfare.ie
  • Tríd an bpost: Geraldine Withero
                         An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh
                         157-164 Sráid Chnoc na Lobhar
                         Baile Átha Cliath 2

Is é an dáta deiridh le haghaidh ghlacadh na n-aighneachtaí ná 5 i.n. ar 31 Nollaig 2009.

Tá eolas faoi sheirbhísí a sholáthraíonn an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh ar fáil ar 'www.welfare.ie'.


Preparation of a draft scheme by the Department of Social and Family Affairs

The Minister for Social and Family Affairs invites interested parties to provide written submissions on how the Department's services to the public through Irish might be improved.

This is pursuant to the drafting of a second scheme in accordance with the Official Languages Act 2003 (Section 11). The primary objective of the Act is to ensure better availability and a higher standard of public services through Irish.

Further information in relation to the Official Languages Act 2003 is available on the website of the Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs 'www.pobail.ie'.

You can make a submission:

  • By email: gaeilge@welfare.ie
  • By post: Geraldine Withero
                 Department of Social and Family Affairs
                 157-164 Townsend Street
                 Dublin 2

The closing date for receipt of submissions is 5 p.m. on 31 December 2009.

Information on services provided by the Department of Social and Family Affairs is available on 'www.welfare.ie'.

Last Updated: 08/12/2009 10:13
Please read the Copyright and Disclaimer notice and the Privacy notice. Access to Public Sector Information